← Bhí sé ag coimeád leo i gcónaí; faoi mar a bhídís ar an ardán, bhíodh an Fairceallach san ísleán, agus nuair a bhídís san ísleán bhíodh an Fairceallach san ardán. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach agus shuigh sé síos sa chúinne. 🔊✎
← Chonaic Fionn é agus thug sé chun boird é agus chaitheadar a sásamh. 🔊✎
← An lá dár gcionn d'imíodar rompu ar an slí chéanna agus an Fairceallach ina ndiaidh arís mar a bhí sé an lá roimhe sin. 🔊✎
← Nuair a chasadar abhaile tráthnóna bhí sé sa tsiúl céanna i gcónaí agus é á leanúint. 🔊✎
← D'fhan sé mar sin ina dteannta nó go raibh lá agus bliain tugtha aige. 🔊✎
← Dúirt sé ansin: "A Fhinn Mhic Chumhaill", ar seisean, "tá cuireadh dinnéir agam á thabhairt duit féin agus d'Fhianna Éireann". 🔊✎
← Leanadar é go díreach agus bhí sé chomh fada rompu an lá sin is a bhí sé ina ndiaidh an chuid eile den bhliain. 🔊✎
← D'fhan sé i ngiorracht radhairc díobh i gcónaí go dtí gur iompaigh sé isteach in uaimh agus leanadar é. 🔊✎
← Nuair a ghabhadh an fear críonna isteach deireadh sé "Is trua nach liom tú." 🔊✎
← Bhí sé cinn de ghadhair sínte ar imeall na tine. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach ansin agus chuir sé bia agus deoch ar na boird d'Fhionn agus do na Fianna. 🔊✎
← Ní raibh aon fhear sa bhFéinn nár chuir sé scian agus forc agus pláta ar a aghaidh amach. 🔊✎
← Nuair a bhí sé sin déanta ag an bhFairceallach ghabh sé amach go dtí an doras ag caint leis an mbean óg. 🔊✎
← Ní túisce a ghabh sé amach ná gur éirigh na sé ghadhar agus léim siad in airde ar na boird agus ritheadar síos tríothu. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach agus ní fhaca sé greim bia ná dí ar aon bhord. 🔊✎
← Líon sé arís na boird le bia is le deoch agus d'iompaigh sé arís ag caint leis an mbean óg. 🔊✎
← D'fhiafraigh sé d'Fhionn arís arbh amhlaidh a d'itheadar an bia nó arbh iad na gadhair a thug uatha arís é. 🔊✎
← Thóg an seanduine a cheann agus d'fhéach sé ar na gadhair lena dhá shúil agus mharaigh sé iad. 🔊✎
← "Sea, a Fhinn Mhic Chumhaill," a dúirt sé, "an bhfuil aon scéal agat ag imeacht nach raibh agat ag teacht?" 🔊✎
← D'fhiafraigh sé de: "cé hí an bhean óg, í siúd a bhí ag an ndoras nuair a ghabhamar isteach go ndeireadh an duine críonna léi: "is trua nach liom tú", agus gurb é an freagra a thugadh sí air ná `nuair a bhíos agat níor choimeád tú mé?' 🔊
← "Sin í an óige", arsa an Fairceallach, "agus d'inis sí an ceart duit, mar nuair a bhí sí agat," a dúirt sé, "lig tú uait í agus tá tú críonna, caite, claoite anois." 🔊✎
← "Inis dom anois", arsa Fionn, "cé hé an seanduine liath a bhí sa chúinne nuair a dúirt tú leis smacht a chur ar na sé ghadhar, gur fhéach sé lena dá súil orthu agus gur mharaigh sé iad?" 🔊✎